Leabhráin an Irisleabhair--III | Page 3

An tAthair Pádraig Ó Duinnín
éinne go mba cheart d'uaislibh na
hÉireann eólas do bheith aca ar thalamh na hÉireann. 'Seadh! tá toradh
a ndeagh-oibreacha aca anois, & is baoghlach liom-sa nach ag dul i
bhfeabhas a bheidh an sgéal aca feasta.
Acht cad deir an feirmeóir? Ceapann seisean ná fuil éan-mhaitheas i
gcrainn acht iad do ghearradh & a dhóghadh. "Ní'l siad acht a' sughadh
brighe an tailimh." Ní baoghal dó-san crann a chur. Gearrann sé an
crann mar gheall ar a bheith 'sa' tslighe air, acht bíonn na mílte
feóchadán & geósadán a' fás i n-a pháirc aige.
Nuair a bhí sé seo 'n-a gharsún a' dul ar sgoil fuair sé árd-mhúineadh.
Bhí fhios aige cia'ca an cnoc is aoirde 'sa' domhan. Do 'neósfadh sé
dhuit an méid uisge ghabh le fánaidh le bliadhain i n-abhainn mhóir
íochtair Aimeirice, & bhí cúnntas cruinn aige ar athair agus ar mhathair
ríogh bhí 'sa' Róimh na mílte bliadhan ó shoin. Badh dhóigh le duine
gur adhbhar captaín a bhí 'sa' gharsún agus an saghas foghluim a fuair
sé ar sgoil. Nár chóir go mbeadh an bheag nó an mhór d'eólas le fagháil
aige ar an tslighe bheathadh bhí i ndán dó. Acht ní mar sin a bhí.
Chonnaic sé na crainn a' fás; chonnaic sé an duilleabhar a' séideadh ins
an Earrach & a' tuitim 'sa' bhFoghmhar; acht níor chuir éinne 'n-a
cheann ná raibh ó'n gcrann úd ar thaobh an bhóthair acht greim
fhagháilt ar an dtalamh & go mbeathóchadh an t-aer é.
Is cuimhin liom-sa sean-daoine nár chaith lá riamh ar sgoil, & geallaim
& deimhinghim gur mó an t-eólas a bí aca ar churadóireacht & ar
nidhthibh a bhaineann le saothrughadh na talmhan 'ná bhíonn anois aca
so a chaitheann na bliadhanta ar sgoil.
Ní héin-iongnadh an sgéal a bheith mar seo ag ógánaigh na haimsire

seo. Tagann mórán d'ár gcuid eólais chughainn ó dhúthchas. Pé eólas a
bhí ag ár seacht-sinsearaibh is i nGaedhilg do b'fhéidir leó é chur i
n-umhail dá gclainn; acht ní raibh éin-mhesa aca-san ar Ghaedhilg.
Chaitheadar uatha í, & i n-a theannta sgaradar le heólas na sean-daoine
a tháinig rómpa. B'fhéidir go raibh beagán d'eólas a shinsear ag an
bpáisde ar dhul ar sgoil dó ar dtúis. Acht, má bhí, níor b'fhada gur
stracadh as na préamhachaibh an t-eólas so, & má fhágadh éan-chuid
de gan stracadh, do múchadh é le carta an Bhéarla sara raibh an leanbh
leath-bhliadhain ar sgoil. Thug na múinteóirí iarracht ar síol an Bhéarla
a chur. Ní raibh an ithir ró-oireamhnach, & ba mhinic an síol go holc,
& ba mheasa é an leasughadh, & b'é deireadh an sgéil é gur fhág an
sgoláire an sgoil & é gan Bhéarla gan Ghaedhilg.
Bhfuil leigheas le fagháil ar an aicíd seo? Tá, gan amhras. Tá an
leigheas ag an ndorus againn. Tá an leigheas i dteangain ár sinsear.
Moladh le Dia! tá an leigheas ag oibriughadh anois. Tá síol curtha i
n-ithir mhaith. Ba mhaith linn-ne dá bhfeicimís an geamhar a' teacht
suas níos treise & níos tiugha 'ná atá sé. Acht bíodh foidhne againn.
"Tagann gach maith le cáirde," & "I ndiaidh 'chéile dhéantar na
caisleáin." Beidh barra maith againn fós, le congnamh Dé.
Ní doig liom féin gur tháinig an t-am fós chun Sgoil Ghaedhealach
"Chonáin Mhaoil" a chur ar bun.
'Sé is ceart dúinn úsáid a dhéanamh des na sgoileanna atá againn. Má is
maith leis na stiúrthóirí é, is féidir leó Sgoil Ghaedhealach a dhéanamh
d'éan-sgoil atá fútha. Anois ní fuláir nó tá sagart le fagháil i Gceanntar
Ghaedhealach a chuirfeadh Sgoil Ghaedhealach ar bun. Agus muna
bhfuil a leithéid seo le fagháil, cuirimís sgoil oidhche suas. Tá airgead
le fagháil ó'n Riaghaltachas ar an obair seo. Is féidir linn-ne greim
fhagháil ar chuid de chun na Gaedhilge a mhúineadh & ní dóigh
liom-sa go bhfuil aon scairt 'sa' bhearnain le cosg a chur orainn.
"An té ná bíonn láidir Ní fuláir do bheith glic."
Ní'lmid-ne láidir fós, & nuair ná fuilmid, 'sé is fearra dhúinn a
dhéanamh 'ná greim a bhreith ar gach buntáiste & úsáid a dhéanamh
díobh ar son na Gaedhilge.

"Glac a bhfaighir & díol a bhféadfair."
BEIRT FHEAR.
Gluais.
Creachadh, spoiling. A' scaipeadh & a' meathadh scattering and
decaying. Sráid-bhailtí, villages. Leicne árda, high hill-sides. Dhá
thuistiún an chloch, eightpence a stone. Maol ó chrannaibh, bare of
trees. Crainn a chur, to plant trees. Ag iarraidh déarca, seeking alms.
Cad is cionntach, what is to blame for this. Tabhairt suas, up-bringing,
education. Ní baoghal dó-san crann chur, no fear of his planting trees.
Cia'ca an cnoc is aoirde, which is the highest mountain. Ghabh le
fánaidh, went down. An bheag nó an mhór d'eólas, some little or much
knowledge. Curadóireacht, agriculture. Is i nGaedhilg do b'éidir leó, in
Irish they were able to make it
Continue reading on your phone by scaning this QR Code

 / 10
Tip: The current page has been bookmarked automatically. If you wish to continue reading later, just open the Dertz Homepage, and click on the 'continue reading' link at the bottom of the page.