Leabhráin an Irisleabhair--III | Page 2

An tAthair Pádraig Ó Duinnín
oiread céadna fear do mhúinfeadh míniughadh
talmhan do na buachaillíbh.
Caithfear trí acra do cheannach cois na scoile i gcóir gach saghas
míniughadh talmhan do mhúineadh dhóibh ní amháin as leabhraibh
acht as obair lámh. Is leis na haosánaigh toradh na talmhan soin &

cuirfear i dtaisce dhóibh a luach, mar díolfar ar an margadh na barraí.
Is é míniughadh talmhan an t-eólas is oireamhnaighe d'ár ndaoinibh
indiu. Níor múineadh fós dóibh é, agus tá a rian air, támuid creachta ag
tíorthaibh deórata toisc nach bhfuil an t-eólas cruinn againn le sochar
do bhaint as an dtalamh. Deir fir eólacha go mbainfidhe a chúig
n-oiread sochair as an dtalamh so againn is baintear as indiu. Dá
mbainfidhe féin ba bheag an bhrigh dhúinn-ne é mar bheadh sé go dtí
seo ag an bpéist sin an máighistir talmhan. Tá breacadh an lae
chughainn ámh, agus is mithid d'fheirmeóiríbh na hÉireann iad féin do
ghléasadh. Tá daoine eile lasmuigh ag déanamh airgid as a gcuid
talmhan agus ár dtír-ne ag dul chum fiadhantais.
Thall i nAlbain an t-am so de bhliadhain is gnáthach le feirmeóirí na
scioltháin do chur i mboscaíbh istigh i dtighthibh agus ithir is aoileach
do chur leó go séideann na bog-ghais thre shúilibh na sciolthán soin.
'Sa mhí seo chughainn sáithfear na scioltháin sin i dtalamh is beidh
prátaí nua san Abrán atá chughainn aca súd. Chonnac fiche púnt dá
thabhairt ar thonna prátaí nua roimh Bhealtaine i gcathair Lúnduin. Ní
áiteómhadh an saoghal orm 'ná go bhfuil sé i gcumas feirmeóirí na
hÉireann an rud céadna do dhéanamh. Tháid siad chomh gasta is
chomh críochnamhail leó súd thall, acht amháin nach bhfuil eólas
mínighthe talmhan aca. Ní féidir leó dá réir sin dhá bharra prátaí do
bhaint as an dtalamh i n-éin-bhliadhain amháin & an leasughadh ceart
do chur ar n-ais ann gcás ná raghadh an talamh soin i ndísc.
"An as scoilín Gaedhealach do mheasann tú an t-eólas soin do
mhúineadh do na feirmeóiríbh?" adéarfaidh duine éigin, is é ag
leamh-gháiridhe. Go réidh, a dhalta. Ni fhuil síol-chnó na daire chómh
mór le méaracán, acht féach ar bhile na coille d'fhásann uaidh, a cheann
go hárd, a phréamha go doimhin, a chabhail thoirteamhail, a ghéaga
reamhra, righne. D'fhás an crann uaibhreach soin as beagán, ní raibh
deabhadh 'ná deithneas air, acht níor staon sé riamh gur fhás sé. Féach
go cruinn air, is machtnuigh!
D'éis an chéad scoil Ghaedhealach do chur ar bun & taithighe bheith
againn ar an ngnó, is féidir linn scoileanna eile d'fhagháil mar a
múinfear gach uile chéird do theastóchaidh uainn i nÉirinn, mar atá

leasughadh leathair, gréasuidheacht, figheadóireacht, táilliúireacht,
siúinéireacht, & cearda eile. Cuirfear árdscoil ar bun i mBaile Átha
Cliath, nó gCorcaigh, nó i nGaillimh, le haghaidh gach ealadha
thairbheach do mhúineadh as Gaedhilg do'n aos óg do thoghfar as na
scolaibh Gaedhealacha. Chuir ár sinsir scoileanna na Teamhrach is
Chluana, Bheannchoir is Árdmacha ar bun, & leath a gcáil ar fuid an
tsaoghail. Tá an fhuil chéadna ionnainne. Misneach, a chlann ó! Is
linn-ne tír gheal-innseach na hÉireann, & is gearr go mbeidh sí againn
le congnamh Dé.
* * * * *
Mar a gcuireann C. na G. fútha, where the G.L. put up (reside).
Tuismidhe, parents. Áireamh, Arithmetic. Léar-eólas, Geography.
Tómhas Cruinne, Geometry. Míniughadh talmhan, Agriculture.
Aosánaigh, youngsters. Tíortha deórata, foreign countries. Scioltháin,
"cut" potatoes for seed. Ithir, earth-mould. Ní áiteomhadh &rl. The
world would not persuade me. Críochnamhail, industrious. Síol-chnó
na daire (no darach), the seed nut of the oak, acorn.
CONÁN MAOL.

II. SGOIL GAEDHEALACH.
Tá an ceart ar fad ag Conán Maol. Teastuigheann sgoil Ghaedhealach
uainn. Ní múineadh atá againn i nÉirinn anois acht creachadh, & tá a
rian orainn. Tá an donas a' teacht ar ár dtír. Ní'l againn acht bliadhain
níos measa 'ná a chéile. Tá muinntir na tuaithe a' scaipeadh agus a'
meathadh, & tá na sráid-bháiltí beaga ag dul i n-olcas gan aonach gan
margadh foghanta.
Féachaimís ar an dtalamh agus ar churadóireacht na tíre. Tá an chuid is
mó de'n talamh leath-bháithte le huisge, & ní hamháin an talamh ísiol
acht leicne árda. Is ortha tá na barraí breaghtha luachra a' fás & gan
duine ná daoine a rómharfadh díog chun iad a thiormughadh. Féach
feirmeóirí na hÉireann a' díol a gcod' coirce ar dhá theistiún an chloch

& a' tabhairt sgillne ar Castalia nó ar rud éicint eile go bhfuil ainm
mhór air.
Féach ár dtír agus í maol ó chrannaibh. Nuair do b'fhéidir leis na
huaislibh crainn a chur níor chuireadar iad. Dá gcuirfidís ní bheidís
anois mar bheadh bacaigh a dúthaigh ag iarraidh déarca ar Bhuindeam.
Bheadh airgead i n-a bpócaíbh aca & bheadh obair ag lucht oibre atá
anois a' teitheadh as Éirinn. Agus cad is cionntach leis seo? An saghas
tabhairt suas a fuaireadar. Níor cheap
Continue reading on your phone by scaning this QR Code

 / 10
Tip: The current page has been bookmarked automatically. If you wish to continue reading later, just open the Dertz Homepage, and click on the 'continue reading' link at the bottom of the page.