Leabhráin an Irisleabhair--III

An tAthair Pádraig Ó Duinnín
Leabhráin an Irisleabhair--III

by "Chonán Maol", "Beirt Fhear", An tAthair Pádraig Ó Duinnín, agus
"Gruagach an Tobair" This eBook is for the use of anyone anywhere at
no cost and with almost no restrictions whatsoever. You may copy it,
give it away or re-use it under the terms of the Project Gutenberg
License included with this eBook or online at www.gutenberg.net
Title: Leabhráin an Irisleabhair--III Seanaid na nGaedheal
Author: "Chonán Maol", "Beirt Fhear", An tAthair Pádraig Ó Duinnín,
agus "Gruagach an Tobair"
Release Date: June 23, 2005 [EBook #16122]
Language: Irish
Character set encoding: ISO-8859-1
*** START OF THIS PROJECT GUTENBERG EBOOK
LEABHRÁIN AN IRISLEABHAIR--III ***

Produced by Brendan O'Connor and the Online Distributed
Proofreading Team at http://www.pgdp.net

LEABHRÁIN AN IRISLEABHAIR.--III.
[Illustration: Seanaid na nGaedheal]
SCOIL GHAEDHEALACH.

Aistí ó
"CHONÁN MAOL," "BEIRT FHEAR," "AN tATHAIR PÁDRAIG Ó
DUINNÍN," Agus "GRUAGACH AN TOBAIR."
Ar n-a chur amach do CHONNRADH NA GAEDHILGE,
Baile Átha Cliath.
1903.

CLÁR AN LEABHRÁIN SEO.
I. Scoil Ghaedhealach, ó "Chonán Maol."
II. Scoil Ghaedhealach, ó "Bheirt Fhear."
III. Scoil Ghaedhealach, ó'n Athair Pádraig Ó Duinnín.
IV. Cuirtear Corc sa Bhairile feasta, a Uaisle, ó "Ghruagach an Tobair."

RÉAMHRÁDH.
Tháinig na haistí leanas annso amach i nIRISLEABHAR na
GAEDHILGE, agus táimíd dá gcur i gcló arís le súil go ndéanfaid
tuilleadh maitheasa, agus go gcabhróghaid chum brostughadh ar an lá
go mbeidh scoileanna agus oideachas na hÉireann go
fíor-Ghaedhealach.
Is é an rud atá 'gár lot agus gar gcoimeád siar acht ná fuilimíd ag
déanamh úsáid dár dteangaidh féin chum gach éan-tsaghas gnótha do
chur i gcrích. Labhraimís Gaedhilg leis na leanbhaí scoile, múinimís
ealadhna is eile dóibh tríd an nGaedhilg, is annsoin is gairid an mhoill
go mbeidh Éire Gaedhealach amuigh 's amach.
FEAR AN IRISLEABHAIR.

I. SCOIL GHAEDHEALACH.
Sula dtosnuighthear tigh, léirighthear an talamh, baintear an fód,
rómharthar go bhfaightear bun daingean dlúth & cuirtear an
chloch-chúinne annsoin. Támuid-ne ag léiriughadh na talmhan. Is gnó
tairbheach é & gnó trom. Támuid ag árdughadh tighthe leis acht i
n-ionad a gclocha cúinne do dhingeadh síos mar a bhfuil an chré ghlas
chruaidh is eadh is baoghlach go bhfuilmíd 'gá gcur ar thalamh bhog do
chritheann fá n-ár gcosaibh.
Tá bun is na ceanntraibh Gaedhealacha agus má shuidhtear tigh air sin
ní réabfadh gaoth ghuairneáin na nIndiatha Thoir na tigh sin.
Measaim gur bh'iascaire d'árduigh an chéad tigh i mBaile-Átha-Cliath i
bhfad ins na ciantaibh. Ní raibh aige chuige acht cleathacha adhmaid
chum fallaí, & scrath an tailmh chum dín a thighe, acht as an gcéad
thosughadh soin d'fhás Sráid Uí Chonaill mar a gcuireann Connradh na
Gaedhilge fútha indiu.
Cuirimís-ne leis tigh ar bun--scoil Ghaedhealach, i gceanntar
Ghaedhealach--is cuma cá mbeidh sí suidhte, thiar, thuaidh nó theas,
acht go mbeidh an áit Gaedhealach. Caidé an cuma is fearr chum a
déanta? Is eól d'ár dtimthirí an áit is oireamhnaighe le n-a leithéid do
chur ar bun acht dála na cuma is fearr chum an ghnótha do chur chum
cinn bheinn buidheach do chách a chomhairle thabhairt dúinn.
Dar liom-sa tá an scoil curtha suas cheana agus ní fhuil againn acht a
cruth d'atharrughadh. 'Sí an scoil Bhéarlach úd í do thóg an sagart
paróiste le cabhair an Bhuird Oideachais. Tá sé riachtanach orainn ar
dtúis cead an tsagairt agus cead tuismidhe na leanbh d'fhagháil agus an
scoil do cheannach ó'n mBord. Díolfaidh an bord í go mear má bheidh
fhios aca go bhfuilmíd dáiríribh agus go bhfágfamuis a scoil 'n-a
fotharach folamh aca chum scátha thabhairt d'uanaibh lá fearthainne.
Muna bhfuil sí oireamhnach d'ár ngnó dhéanfainn ceann nuadh. "Cad
do dhéanfar leis an máighistir mbocht atá annsúd?" adéarfaidh duine
éigin. An méid seo go deimhin. Má tá fios a ghnótha aige, sé sin má tá

sé 'n-a chumas Gaedhilg is léigheann maith do mhúineadh do'n aos óg,
tógfar é ó smacht an Bhuird Oideachais, tabharfar tuarastal níos fearr
dó ná tá aige agus coinghill freisin go bhfuighidh sé an tuarastal soin ar
feadh a bheathadh acht a ghnó do dhéanamh go maith & aire thabhairt
dó féin.
Déarfainn gur bh'fhiú fear maith tuarastal 200 púnt 'sa mbliadhain, do
mhúinfeadh an leanbh ó thosach i nGaedhilg, & do dhéanfadh clár
oibre mar leanas:--
GARSÚIN IS GEARRCHAILLÍ I n-ÉINFHEACHT AMUIGH IS
AMACH LE SÉ BLIADHNA D'AOIS,
An chéad bhliadhain:
Gaedhilg amháin is Teagasc Crióstuidhe.
An dara bliadhain, & as soin go dtí an t-aonmhadh bliadhain déag:
Gaedhilg, Stair, Teagasc Críostuidhe, Áireamh, léar-eólas, Béarla--gach
nídh múinte thre Ghaedhilg.
An t-aonmhadh bliadhain déag:
Ealadhna eile, Tómhas Cruinne, & Úclid.
Ó'n t-aonmhadh bliadhain déag suas:
Caithfear bean-mhúinte do sholáthar do na cailíníbh i dteannta an
mháighistir, do mhúinfidh Fuagháil, Cniotáil, Nigheachán, Cócaireacht
is gach nídh do bhaineann le tigh, is le héanlaithe.
Ba chóir go bhfuighthidhe a leithéid sin de mhúinteóir ar chéad go leith
'sa mbliadhain & ar an
Continue reading on your phone by scaning this QR Code

 / 10
Tip: The current page has been bookmarked automatically. If you wish to continue reading later, just open the Dertz Homepage, and click on the 'continue reading' link at the bottom of the page.