uaidh tríd 
an uathais mhóir úd 'n-a thóin é. 
Ní ag dul i gcumhainge atá an uathais seo, tá seacht gcomhachta ag 
cabhrughadh le chéile chun í leathanughadh ó ló go ló. Farsingi-gheann 
rith uisce poll choidhche. Ní'l éan-duine a thógadh suas le galldachas ná 
déanfaidh sé na daoine a bheidh 'n-a chomhluadar gallda mar é féin. 
Chonnac-sa an lá eile triúr leanbh óga nár chuaidh ar scoil riamh ghá 
dhéanamh so le na sean-mháthair agus í i n-aois a ceithre fichid. Bhí 
"tiss, a laogh," agus "neo, a laogh," agus "mindeen yoursel, a chuidín," 
ar bharra a teangan ó mhaidin go hoidhche aici dhóibh. Tá an traen 
agus na camthaí seirbhíseach a bhíonn na feidhil á dhéanamh; tá an 
post, & buachaillí an phuist a théidheann ó thigh go tigh san tuaith dá 
dhéanamh; tá páipéar na seachtmhaine á dhéanamh; an gnó céadna ar 
siubhal san scoil & san séipéal; na timthirí atá amuigh ó sna Bórdaibh 
seo a bhíonn ag comhairliughadh na bhfeirmeóirí; na tighthe ósta & na 
cuairteóirí & a lucht leanamhana--tá siad so uile ag méadughadh an 
phuill úd, mar tá siad ó cheann ceann de'n bhliadhain ag dingeadh
Béarla isteach ár gcluasaibh. 
Féachaimís anois an bhfuil ár sciath-chosanta leathan láidir a dhóthain 
chun na náimhde uile seo a choimeád uainn amach. Tá ár seasamh ar na 
páistíbh. Chíonn gach éinne é sin. Caillimís iad, agus tá sé chomh 
maith againn 'slán beó' fhágaint ag ár mbairile go deó. Coimeádamís 
Gaedhealach iad, agus tá an lá linn. Ní fheadar an dtuigid do 
léightheóirí deacracht an nídh seo ámhthach. Labhradh éan-athair 
cloinne atá ag casadh le n-a leanbhaí féin a thabhairt suas mar badh 
chóir. Badh mhaith liom focal ó Pheadar Ó Laoidhléis ar an gceist seo. 
Sé lóbh is dóigh liom adeir gur cogadh síoraidhe beatha dhuine ar an 
saoghal. Acht deirm-se ná fuil sa chogadh so acht neamh-nídh seachas 
an cogadh a bhíonn ar gach teinteán i n-a mbítear ag casadh le leanbhaí 
do choimeád Geadhealach i n-indheóin na náimhde do áirimhigheas 
thuas. Agur má's mar seo atá an scéal ag leanbhaí na nGaedhilgeóirí 
connus atá sé ag an marcsluagh ná tabharfadh a dtúismidhthe biorán 
buidhe ar ciaca bheidís Gaedhealach nó Gallda! Cad do dhéinimíd-na, 
muinntir na Gaedhilge, do sna leanbhaíbh seo. 
Múinimíd páidreacha Gaedhilge dhóibh, ach is i mBéarla déanfaidh an 
sagart agus an t-Easpog iad do cheistiughadh; múinimíd dóibh connus 
Gaedhilg do léigheamh, acht óir is scoil Bhéarla í, caithfidh an Béarla 
bheith i mbun 's i mbárr ár gcuid oibre. Múinimíd rinnce Gaedhealach 
dhóibh, acht is i mBéarla dhéanfaid siad cainnt air agus úsáid de n-a 
dhiaidh sin. Sé an scéal céadna ag gach nídh eile é. Ní'l an fear soin 
cruthanta fós a dhéanfadh nídh do bh'fearr de leanbhaíbh leis an saghas 
so oideachais ná Anglo Irishmen. Sin é go cruínn atá againn dá 
dhéunamh díobh. Ní'l ann acht ag casadh le baraile na tóna briste do 
líonadh. 
Ní'l réiteach na ceiste seo, ná sábháil na teangan le fagháil taobh 
amuigh de'n scoil Ghaedhealaigh. Is éigin na leanbhaí do chur uirthi, & 
gach nídh d'oirfidh dóibh a mhúineadh i nGaedhilg. Ní dhéanfadh an 
galldachas díth ná dochair annsoin dóibh. Do thuitfeadh sé siar síos 
díobh mar a thuiteann an braon de'n lachain. Ní féidir an teagasc so 
thabhairt i n-éan-scoil náisiúnta indiu. Ní'l sa cheann is fearr aca so go 
fíor acht scoil ghallda. Caithfimíd féin, ar an adhbhar soin, costas na
scoile d'fhulang sa chéad fháscadh. 
Ní'l amhrus ar domhan, ar a shon sain, má chuirfimíd suas í, & má 
théidheann an obair chun cinn innti--má thigeann linn gnó tairbheach a 
dhéanamh innti--níl amhras ar domhan ná go ndíolfadh an bórd 
léighinn asti i gcionn chúpla bliadhain, & ná go leogfaidís dúinne 
leanamhaint do'n obair do chuireamair ar bun innti. 
Is dóigh liom féin go mbeidh eagla an chostais ar an gCoiste Ghnótha; 
agus má bhíonn is dócha gur bh'fhéidir do dhaoinibh lasmuigh de'n 
Choiste an t-airgead do dhéanamh suas. Táim chomh cinnte go bhfuil 
an scoil ag teastáil uainn, chomh cinnte go ndíolfadh an Bórd i gcionn 
chúpla bliadhan aisti, agus annsoin gur bh'fhéidir dúinn mórán dá 
saghas a bheith againn; chomh cinnte go bhfuil saoradh na teangan 
innte, go dtabharfad £5 d'éan-fhuireann Gaedhilgeóirí a chuirfidh le 
chéile chun í do sholáthar. 
Tá saothar mór déanta le deich mbliadhna againn. Ba ró-lag é ár 
dtosnughadh: Ní'l bliadhain a ghabhann tharainn ná tugamaoid 
coiscéinn chun cinn--ná téidhimíd pas beag níos aoirde. Is maith é sin. 
Leanamís de. Excelsior choidhche! Tá coiscéim na bliadhna so gan 
tabhairt fós againn. Tugaimís chun scoile Chonáin í. 
GRUAGACH an TOBAIR. 
* * * * * 
AN CLÓ-CHUMANN, (Teóranta), 
Clódóirí Gaedhilge, Sráid Mhór na Trágha, 
Baile Átha Cliath. 
* * * * * 
 
End of the Project Gutenberg EBook of Leabhráin an Irisleabhair--III 
by "Chonán Maol",    
    
		
	
	
	Continue reading on your phone by scaning this QR Code
 
	 	
	
	
	    Tip: The current page has been bookmarked automatically. If you wish to continue reading later, just open the 
Dertz Homepage, and click on the 'continue reading' link at the bottom of the page.
	    
	    
